Sunday, February 01, 2015

Lá le Bríde


Séipéal Bríde, Cill Easra, Baile Átha Cliath.

Deirtear liom gurb í seo an chrois a úsáideadh do lógó RTÉ ag a thús craolta. Sábháládh ón "props room" é agus cuireadh inairde os cionn doras na hEaglaise é.

Agus tá sé fós ann.

Anois teacht an earraigh
beidh an lá ag dul chun síneadh,
Is tar éis na féil Bríde
ardóidh mé mo sheol.

Ó chuir mé i mo cheann é
ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos
i lár Chontae Mhaigh Eo.

Is as Coillte Mach do Raifteirí agus is ansan atá mo shin-sheanathair agus mo shin-sheanmháthair curtha sa reilg ann.

No comments: