Thursday, April 07, 2016

FLIUCH


Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

An rud is greannmhaire dár léas i nGaeilge ón mBéal Bocht i leith.

Roinn nua i gcultúr scríofa na Gaeilge isea an litríocht aonláimhe agus an chéad fhoilsiúchán sa roinn nua seo isea FLIUCH. As Béal Feirste a thagann sí agus is breá ar fad í an Ghaeilge inti maraon le féith an ghrinn agus nod don neamheolach.


Míníonn an geaing, mar a thugann siad orthu féin, an scéal thuas agus fáilte á cur acu roimh ábhar cuí don chéad eagrán eile.


Tá plé ann ar nuaghnéithe an droch-shaoil a chuirfeadh go mór le haoibhinn beatha an scoláire dá mbeadh sé/sí sásta glacadh leo fiú i rith am scoile.

Ní dóigh liom gurb é seo go díreach abhí ar aigne ag an bPiarsach agus FORNOCHT á scrí aige.


Ach le cothrom na féinne a thabhairt don bPiarsach céanna, ní sa Cheathrú Rua ach i Rosmuc abhí an bothán aige.



Bíonn tábhacht ar leith le suíomh i gcónaí, fiú sa lá atá inniu ann, bíodh i gcás an bhotháin, an bhuailte nó an bualadh leathair, mar a chítear thuas.


Is leor san anois agus an obair baile fós le déanamh.

Fágfaidh mé slán libh agus an tóin le guidhe.

Níl sé fear ach tá sé FLIUCH anseo.

Uasdátú 30/1/2019: An dara eagrán ar fáil anois.

No comments: